LyricFind Logo
LyricFind Logo
Profile image icon
Lyric cover art

Cad É Sin Don Té Sin

Apple Music logo
Deezer logo
Spotify logo
Lyrics
Chuaigh mé chun aonaigh is dhíol mé mo bhó
Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir
Má ólaim an tairgead is má bhronnaim an tór
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó
Má ólaim an tairgead is má bhronnaim an tór
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó

Má théim 'na choille chraobhaigh cruinniú smeara nó cró
A bhaint úllaí de ghéaga nó a bhuachailleacht bó
Má shíním seal uaire faoi chrann a dhéanamh só
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó

Má théimse chuig airnéal is rince is spórt
Chuig aonach is rásaí's gach cruinniú den tsórt
Má chím daoine súgach is má bhím súgach leo
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó

Deir daoine go bhfuil mé gan rath's gan dóigh
Gan earra gan éadach gan bólacht ná stór
Má tá mise sásta mó chónaí i gcró
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó

WRITERS

Traditional

PUBLISHERS

Lyrics © Music Hub O/B/O GEMA

Share icon and text

Share


See A Problem With Something?

Lyrics

Other

From This Artist