LyricFind Logo
LyricFind Logo
Sign In
Lyric cover art

Bó na Leathadhairce (Arr. Desm...

Apple Music logo
Deezer logo
Spotify logo
Lyrics
Thíos cois na toinne
’sea beathaíodh mo chaora
Ag Diarmuid Ó Dioláin
ó Bharra na hAoine
Mac dearthár athar dom
a chuir le haill í
Easpa tobac a bhí ar an gcladhaire.

Curfá
Bó, bó, bó na leathadhairce
Bó, bó, ’sí an tsean-chaor adharcach
Bó, bó, bó na leathadhairce
Bó dhroimeann dhearg
is ní fheadair cá bhfaighinn í

B’fhearr liom ná scilling go
bhfeicfinn mo chaora
’Teacht chun an dorais
ar maidin nó istóiche
Thálfadh sí bainne dom
bheathódh sí uan dom
Chuirfeadh sí seaicéidín deas
ar mo ghualainn.

Curfá

Chonacsa beirithe í,
chonacsa á roinnt í
Chuireas-sa dúil inti
ach blaise ní bhfaighinn di
Ó nár dheas í,
ó nár mheidhreach
Ó nár dheas í
an tsean-chaor adharcach.

Curfá

Dá mbeinnse i rachmas
i ngradam ‘s in oidhreacht
Thabharfainnse giní
ar chúpla slaghas di
Ó nár dheas í
ó nár mheidhreach
Ó nár dheas í an
tsean-chaor adharcach.

D’íosfainn lán píce di
d’íosfainn lán oighinn di
D’íosfainnse stráice
den tseana chaora adharcach
Ó nár dheas í!
ó nár mheidhreach!
Ó nár dheas í
an tsean-chaor adharcach

Curfá

WRITERS

Desmond Earley

PUBLISHERS

Lyrics © BARDIS MUSIC, USA ATTN: PETER BARDON

Share icon and text

Share


See A Problem With Something?

Lyrics

Other